← Na Meáin Chumarsáide sa Lá atá inniu ann 🔊
← Is é a bhíodh i gceist leis na meáin chumarsáide san am atá thart ná na páipéir nuachta, an raidió agus an teilifís, ach d'imigh sin agus tháinig seo. 🔊
← Is annamh a d'fheicfeá sa lá atá inniu ann daoine ag dul ar bhus ná ar thraein agus páipéar nuachta faoina n-ascaill acu le léamh ar an turas. 🔊
← Seo é ré na n-aipeanna agus an ré dhigiteach agus is liosta le háireamh iad na haipeanna atá ar fáil go saoráideach. 🔊
← In áit páipéar nuachta a fháil mar chóip chrua is féidir é a fháil mar chóip dhigiteach ar phraghas níos ísle agus é ar d'fhón nó ar pé scáileán atá agat a luaithe agus a bhíonn sé scríofa ag an iriseoir. 🔊
← Dá bharr seo ní fheiceann tú carn mór nuachtán laistigh de dhoirse na siopaí níos mó ná ní chloiseann tú daoine ar an tsráid ag béicíl amach ainmneacha na nuachtán atá ar díol acu. 🔊
← Ní diúltach ar fad atá na meáin chumarsáide nua-aimseartha, áfach. 🔊